Loading... Please wait...

Currency Converter

Choose a currency below to display product prices in the selected currency.

European Union Euro
United States American Dollar
Australia Australian Dollar
United Kingdom British Pounds
Canada Canadian Dollar

Add to Wish List

Click the button below to add the Diego: Mo Scéal Féin to your wish list.

Diego: Mo Scéal Féin

  • Image 1
Price:
€10.00
Weight:
209.00 Grams
Shipping:
Calculated at checkout
Current Stock:
10
Quantity:


Product Description

Ní chreidfá seo ach nuair a scríobh Diego Fernandez López a bheathaisnéis bhí sé i bpríosún sa Colóim agus gan lámha. (Chiall Diego an dá lámha nuair a phléasc gránáid agus scríobh sé leis an dá stumpa!)
Rugadh Diego i dTuaisceart na Colóime i 1975. Ag fás aníos bhí saol deacair aige.  Dúírt sé, “In amanna bhíodh ocras orainn agus bhíodh orainn dul a luí gan a dhath a ithe. D’éirigh muid ar maidin agus ab goile folamh agus gan rud ar bith sa teach ach an oiread.” Cuireann Diego síos ar an gnáthsaol sa Colóim, agus tugann an scéal seo léargas an-mhaith ar na droch-choinníollacha ansin.
Fear iontach suimiúil i gceist a throid ar son an ELN agus duine a ghlac páirt sa chogadh cathartha ata ag scoilteadh na Colóime le 40 bliain.


Tá sraith píosaí cuimsitheacha sa leabhar. Mar thus, leagtar síos creatlach ina raibh an chógadh ansin, agus go fóill fosta. Scríobhann sé faoi a chomrádaithe, na cathanna agus réaltacht an tsaoil sin. Agus sa lár mar is gnáth tá gráscéal ann faoi a bhean Marcela, píosa filealta i gceist nuair a dhúirt sé, “chuala mé an guth milis sin agus chuaigh drithlín gliondair orm.”


Agus tá ceangailt ag Diego le hÉireann fosta. Nuair a bhí sé i bpriosún, nó in ifreann bhí cara aige, fear darbh ainm, Seámus Ó Muineacháin, ceann de trúir na Colóime a tugadh air.D’fhás cairdeas idir Diego agus Seámus agus fuair siad amach go raibh maitrís na cosúlachtaí idir Éireann agus an Colóim. Scríobh Diego a lámhscríbhinn don cheád uair ach i ngníomh páistiúil ghóid na gardaí a leabhar.


Ach i ndiadh ag bogadh go dtí príosúin gharbha in áiteanna éagsúla ins An Cholóim, bhuail Seámus agus Diego le chéile arís. D’iarr ár gcara Seámus air an leabhar a athscríobh arís mar thuig sé an tábhacht a bhain leis agus le faisnéis nuashonraithe curtha leis. Chuir Seámus an leabhar amach le cuairteoir a bhí aige agus tháinig sé slán sábhailte go hÉirinn. Dúirt Seámus, “go gcuirfeadh an leabhar aghaidh dhaonna ar a raibh ag titim amach ins An Cholóim.”


Bhí an leabhar seo scríofa ón mbunleagan Spáinnise agus is maith an rud go bhfuil sé aistrithe go Gaeilge leis an fear uasal Pádraig Ó Maolchraoibhe.
Líonann an leabhar `bearna’ de shaghas éigin, nó mar a deir Séamas Ó Muineacháin, gearrann Diego fríd an bhalla bolscaireachta a bhaineann leis an tír sin.
Tugann an leabhar agus taithí Diego sa streachailt armtha agus i bpríosún léárgas suimiúil dúinn ar staid na Colóime faoi láthair. Bhain mé taitneamh as. De thairbhe go bhfuil comparáidí idir an dá tír, de thairbre go bhfuil sé ar fáil as Gaeilge, agus an bealach ina raibh sé foilsithe.


Find Similar Products by Category


Write your own product review

Product Reviews

This product hasn't received any reviews yet. Be the first to review this product!